Matthew 21:38 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfaicsin an mhic do ba sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre; tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a chonaic na tionóntaí an mac, dúirt siad ina n‑intinn féin, ‘Is é seo an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é ionas go mbeidh a oidhreacht againne.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: 'Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’