Matthew 21:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Innisidh d’inghin Shíoin, Féach, atá do Rí ag teacht chugat, Go ceannsa, ar muin asail, Agus ar bhromach, searrach asail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Inis dʼiníon Shíóin, féach, tá do rí-se ag teacht chugat, go huiríseal, agus é ag marcaíocht ar asal, agus ar shearrach óg asail.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.”