Matthew 22:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuireadar chuige a ndeisceabail i n‐éinfheacht le muinntir Ioruaith, g‐á rádh, A mháigistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus go múineann tú slighe Dé i bhfírinne, agus nach bhfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir siad a ndeisceabail chuige i gcuideachta lucht leanúna Iorua, á rá, “A Oide, is feasach dúinn go mbíonn tú fírinneach, agus go múineann tú slí Dé go fírinneach, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoin gcéim a bhíos ag duine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: «A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé sa bhfírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachaint do phearsa seachas a chéile.