Matthew 22:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deiridsean ris, Ré Séasar. A deir seasean ríu, an tráthsin, Ar a nadhbharsin tabhuidh do Shéasar na neither is lé Séasar; agus na neither is lé Día do Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adeirid‐sean leis, Le Céasar. Annsin adubhairt sé leo, D’á bhrigh sin, tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar; agus do Dhia na neithe is le Dia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Le Caesar,” ar siadsan. Ar seisean leo ansin, “Tugaigí do Chaesar a bhfuil le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Céasar,» ar siad leis. «Maith go leor,» ar seisean leo, «íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Caesar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Caesar na nithe is le Caesar agus le Dia na nithe is le Dia.”