Matthew 22:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag rádh, A mhaighisdir, a dubhairt Máoisi, Dá bhfagadh aonnduine bás, gan chloinn aige, pósfuidh a dhearbhrathair a bhen do dhligheadh comhfhoguis, agus tóigeabhuidh sé siól dá dhearbhráthair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A mháighistir, adubhairt Maois, Dá bhfaghadh duine bás gan sliocht, go bpósfadh a dhearbhráthair a bhean, agus go dtógfadh sé clann d’á dhearbhráthair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúirt siad leis, “A Oide, dúirt Maois, ‘Má fhaigheann fear bás gan clann a bheith aige, caithfidh a dheartháir an bhaintreach a phósadh, agus clann a sholáthar dá dheartháir.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A Mháistir,» ar siad, «dúirt Maois: 'Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’