Matthew 22:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Arís do chuir sé uaidh searbhóntaí eile, g‐á rádh, Innisidh dhóibh‐sean a fuair cuireadh, Féach, atá m’fhéasta ullamh agam: atá mo mhairt agus m’ainmhidhthe biadhta marbhtha agam, agus atá gach aon nidh i gcóir: tigidh chum na bainse.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, á rá, ‘Insígí do lucht na gcuirí, Féach, tá mo dhinnéar ullamh agam, tá mo dhaimh agus mo laonna biata maraithe agam, agus tá gach uile ní réidh ullamh; tagaigí chun na bainise.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: 'Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Féach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’