Matthew 22:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann féin, agus fear eile chum a cheannuigheachda:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ní thugadar‐san aon áird air, agus d’imthigheadar, duine aca chum a fheirme féin, duine eile chum a cheannaidheachta:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach rinne siad a bheag de agus dʼimigh leo, duine chun a fheirme, nó duine chun a chuid earraí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun ceannaíochta,