Matthew 23:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Na goirthear doctúiridhe dhíbh: óir is áon Ndoctúir a tá agaibh, Criósd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ná tugtar Máighistrí oraibh: óir is aoinneach amháin is máighistir agaibh: an Críost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ná glaoítear máistir oraibh, mar níl agaibh ach an t‑aon mháistir amháin, an Críost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus fós, ná bíodh ' múinteoirí' á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ dá thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost.