Matthew 23:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is anáoibhinn dáoibh, á sgríobuighe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrábhaidh! oír gabhtháoi timcheall mara agus tire do chum ndéunadh sibh áonnduine air bhur riaghail féin, agus an tráth bhíos sé déanta, do níthí mac ifeirnn de ní sa mho fá dhó ná dhíbh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir taistealann sibh muir agus tír chum cómhalta creidimh amháin do dhéanamh; agus nuair éirigheann libh, do‐ghní sibh mac ifrinn de níos dhá mheasa ’ná sibh féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh cuairt na mara agus na tíre le haon duine amháin a iompú, agus nuair a iompaíos sé, déanann sibh ifreannach de is measa faoi dhó ná sibh féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.