Matthew 23:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is anáoibhinn dáoibh, a thréoruighthe dalla, noch a deir, Gidh bé duine bhéaras an teampoll mar mhionna, ni ní ar bíth é; achd gidh bé bhéaras ór an teampoill mar mhionna, a ta sé cionntach!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is mairg daoibh, a threoraidhthe dalla, adeir, Cibé duine dhearbhóchas dar an teampall, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar ór an teampaill, atá ceangal air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: 'Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’