Matthew 23:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrabhuidh! oír is cosmhuil sibh ré túamidhibh geala a tá deaghmhaiseach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairsíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir is cosmhail sibh le tuamaibh aolta, bhíos go taithneamhach le feicsin ar an taobh amuigh, acht atáid istigh lán de chnámhaibh daoine marbh, agus de’n uile bhréantas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, lucht na cráifeachta bréige! mar tá sibh mar thuamaí atá nite le haol, a mbíonn cuma álainn orthu ar an taobh amuigh, ach a bhfuil an taobh istigh lán de chnámha marbhán agus den uile chineál salachair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.