Matthew 23:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin gach uile ní a déaruid síad ríbh do choimhéad, coimhéaduidh agus déanaidh íad; achd ná déanuidh do réir noibrighthe: oír a deirid síad, agus ni dhéanuid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
déanaidh gach a n‐abrann siad, agus claoidhidh leis: acht ná déanaidh de réir mar do‐ghní siad‐san; óir bíonn cainnt aca, acht ní dhéanaid gníomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
coimeádaigí agus cleachtaigí a n‑ordaíonn siad daoibh, ach ná déanaigí aithris ar a ngníomhartha; mar ní bhíonn a mbeart de réir a mbriathair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu.