Matthew 23:33 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A aithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, coinnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A phiasta, a shliocht na nathrach nimhe, cionnas éalóchas sibh ó dhaor‐bhreith ifrinn?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A phéisteanna, a áil nathracha nimhe, conas a éalóidh sibh ó dhaoradh chun ifrinn?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith Ifrinn?