Matthew 23:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chum go dtiocfadh oruibh gach uile fhuil fhiréanta dar dóirteadh ar an dtalamh, ó fhuil Abél fhíréanta go fuil Shacharías mhic Barachías, noch do mharbhabhairsi eidir an teampoll agus a naltóir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
go dtiocfaidh oraibh gach ar doirteadh d’fhuil na bhfíréan ar talamh, ó fhuil Aibéil fhíréanta go fuil Shachariais mhic Bharachiais, do mharbhabhar idir an sanctóir agus an altóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ionas go dtite oraibh ar doirteadh dʼfhuil fhíréanta ar an talamh, ó fhuil Abel neamhchiontaigh go dtí fuil Shecaría mhic Bharacía, ar dhúnmharaigh sibh é idir an sanctóir agus an altóir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil fíréan go dtí fuil Zacairiá mac Bharaichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.