Matthew 23:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A Iérusaléim, A Iérusaléim, mharbhus na fáidhe, agus ghabhus do chlochuibh ar an luchd chuirthear a ttíonsaidh, créd a mhiónca do budh áill leam do chlann do chruinníughadh re cheile, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fa na sgiathánaibh, agus níor bháill leachd!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Nach minic ba thoil liomsa do chlannsa a chruinniú mar chruinníonn an chearc a hál faoi scáth a sciathán, agus níor thoil libhse é!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus nárbh áil leat-sa!