Matthew 23:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir a deirimsi ribh, Nach bhfaicfithí misi feasda, no go nabartháoi, Is beannuighthe an tí thig a nainm an Tighearna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Oir adeirim libh, Ní fheicfidh sibh feasta mé go n‐abróchaidh sibh, Is beannuighthe an té thig i n‐ainm an Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is é mʼfhocal daoibh nach bhfeicfidh sibh arís mé, go dtí go ndeir sibh, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: 'Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’”