Matthew 24:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Iósa riu, An bfaicthí íad so uile? go fírinneach a deirimsi ribh, Nach bfúigfidhthear cloch ar muin chloiche ann so, nach sgáoilfidhthear.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Nach bhfeiceann sibh na neithe seo go léir? go fírinneach adeirim libh, Ní fágfar cloch ar muin cloiche annso, nach leagfar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dʼfhreagair sé iad, “An é nach bhfeiceann sibh iad seo uile? Deirim go fíor libh, nach bhfágfar cloch anseo ar mhuin chloiche, nach gcaithfear anuas.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: «An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”