Matthew 24:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar an mball ndíaigh trioblóide na laitheadh úd bíaidh an ghrían ar ua dhorchughadh, agus ní thiobhra an ghealach a soillsi úaithe, agus tuitfid na réulta ó neamh, agus craithfidhthear subháilcidhe neimhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht annsin, tar éis anró na laethe sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus tuitfidh na réaltana ó’n spéir, agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á suathadh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Go díreach i ndiaidh na laethanta úd na buartha tiocfaidh smúid ar an ngrian, agus ní bheidh solas á thabhairt ag an ngealach, agus titfidh na réaltaí den spéir, agus bainfear creathadh as cumhachtaí neimhe;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Tar éis thrioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.