Matthew 25:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin budh cosmhuil ríoghachd neime ré deichneabhar maighdean, do ghlac a lampuidhe, agus do chúaidh a mach do theagmháil ar an bhfear núaphósda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin béidh ríoghacht na bhflaitheas cosmhail le deichneabhar maighdean, do ghlac a lóchrainn, agus do chuaidh amach fá dhéin an fhir nua‐phósta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Cuirfear ríocht neimhe i gcosúlacht le deichniúr ógh a ghlac a lampaí agus a chuaigh amach in airicis an fhir nuaphósta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is iad dála Ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in araicis an fhir nuaphósta.