Matthew 25:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus do dhuine eile a dó, agus a háon do dhuine eile; do ghach neach do réir a acfuinne; agus ar an mball do imthigh sé a gcoigcrích.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus dhá thalainn do dhuine eile, talann amháin do dhuine eile; do gach duine de réir a ghustail; agus d’imthigh sé ar a aistear.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
thug sé cúig thallann do dhuine acu, agus dhá thallann do dhuine eile, agus aon tallann amháin do dhuine eile, de réir na hacmhainne a bhí ag an uile dhuine acu. Dʼimigh sé leis ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile do gach duine de réir an chumais a bhí ann agus d' fhág an tír.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
thug cúig thallann do dhuine acu, a dó de thallanna do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile–do gach duine de réir an chumais a bhí ann–agus dʼfhág an tír.