Matthew 25:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Oir do bhéarthar do ghach dhuine agá bhfuil ní, agus bíaidh a sháith aige: achd an té a tá gan ní aige toigebhthar úadh fós an ní a tá aige.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an té ag a bhfuil nidh dobhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh fiú amháin a bhfuil aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tabharfar a thuilleadh don té a bhfuil aige, agus beidh farasbarr aige; ach an té nach bhfuil aige béarfar uaidh go fiú an mhéid atá aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.