Matthew 25:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is é seo an freagra a thabharfas an Rí dóibh, ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: 'Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus déarfaidh an rí dá bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agam-sa, is dom-sa a rinne sibh é.’