Matthew 25:44 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do bhéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag rádh, A Thighearna, gá húair do chonncamairne ocarach, nó tartmhar, ná ad dhéoruigh, no lomnochd, nó éagcrúaidh, no a bpríosún thú, agus nach dearnamar friotholamh dhuit?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin freagróchaid siad‐san, leis, agus adéarfaidh siad, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras, nó fá thart, nó id’ chomhightheach, nó lomnocht, nó breoite, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar fortacht ort?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus freagróidh siad sin é ansin: 'A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’