Matthew 26:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do aithin Iósa so, a dubhairt sé ríu, Créd fa gcuirthí búaidhreadh ar an mnáoi? oír do rinne sí obair mhaith am thimcheallsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do‐chuala Íosa é, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur buaidheartha ar an mnaoi? Óir is maith an gníomh atá déanta aici orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní raibh sin ceilte ar Íosa, agus dúirt sé, “Cad chuige daoibh an bhean seo a chiapadh? Is álainn an gníomh atá déanta aici orm.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm;