Matthew 26:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhuin, a ndéantar an sóisgéulsa do sheanmóir, go naithréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an bheansa, mar chuimhne uirrthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Go fírinneach adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain ar fad ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníomh do‐rinne an bhean so, mar chuimhne uirthi.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo dá fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”

Recommended Reading