Matthew 26:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an chéad lá a naráin gan laibhín tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh ris, Cía a náit an as toil leachd sinne do dhéanamh ullmhuighthe dhuit do chaitheamh na cásga?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an chéad lá d’fhéile an aráin gan laibhín, tháinig na deisceabail chum Íosa, agus adubhradar, Cá’r mhian leat go n‐ullmhóchaimíd an cháisc duit le n‐a h‐ithe?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an gcéad lá d' fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: «Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an gcéad lá dʼfhéile an tSlimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?”