Matthew 26:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seisean, Imdhigh don chathruigh go duine áirighe, agus abruidh ris, A deir an Maighisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad thighsi do dhéana mé fein agus mo dheisciobuil an cháisg.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé, Téidhidh isteach sa gcathair chum a leithéide seo de dhuine, agus abraidh leis, Adeir an Máighistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollamhnú na cásca id’ thigh‐se i bhfochair mo dheisceabal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá mʼamsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Téigí isteach sa chathair,» ar seisean, «go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: 'Dúirt an Máistir a rá leat: tá m' uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá mʼuain in achomaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’”