Matthew 26:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan, agus do thionnsgain gach duine aca fá leith a rádh ris, An misi é, a Thighearna?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig cumha an‐mhór ortha, agus do thosnuigheadar uile ar a rádh leis, An mise é, a thighearna?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: «An mise é, a Thiarna?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?”