Matthew 26:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sinn a deir Iósa ríu, Do gheabhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oír a tá sgríobhtha, Buailfidh mé an táodhuire, agus scabfuidhthear cáoirigh an tréada.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnaim‐se anocht: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Íosa leo ansin, “Clisfidh sibh uile go léir orm anocht; mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé buille ar an aoire, agus scaipfear caoirigh an tréada.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt Íosa leo: «Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: 'Buailfidh mé an t-aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall orm-sa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’