Matthew 26:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deir Peadar ris, Go deimhin más éigin damh bás dfulang ad fhóchair, ní shéanfa mé thú. Agus a dubhradar na deisciobuil uile mar an gcéadna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Peadar leis, “Má tá ar mo chrann bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt na deis­ceabail uile mar an gcéanna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Peadar leis: «Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.» Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna.