Matthew 26:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chúaidh Iósa léo an trathsin do nionad dá ngoirthear Gétsémane, agus a deir sé ré na dheisciobluibh, Suidhighsi ann so, go ndeacha misi do dhéanamh urnuighthe ann súd a nunn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin tháinig Íosa mar aon leo go h‐áit ar a dtugtar Getsémané; agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Suidhidh‐se annso, go dtéighead‐sa annsúd anonn agus go ndéanad urnaighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuaigh Íosa leo ansin go dtí áit ar tugadh Getsemaní uirthi, agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, go dté mé anonn ansin agus go ndéana mé urnaí.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: «Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.”