Matthew 26:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbreith Pheadair agus deisi mac Sebedeí leis, do thionnsgain sé bheith go dobrónach agus go rothuirseach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebedé, agus do thosnuigh sé ar bheith an‐bhrónach, an‐bhuaidheartha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebidé, agus thosaigh tromualach bróin agus buartha ar thitim air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus thosaigh sé bheith buartha agus in anbhuain.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus tháinig buairt agus anbhuain air.