Matthew 26:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar nimtheachd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aghuidh, ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A Athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa: achd cheana na bíodh sé már is toil leamsa, achd mar is áill leatsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh sé ar aghaidh beagán gur thit ar a bhéal agus gur ghuigh sé, “A Athair liom, más féidir é, scaoil an cupán seo tharm; ach san am céanna ná bíodh sé mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: «A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupán seo tharam, ach ní mar is toil liom-sa ach mar is toil leat-sa.”