Matthew 26:47 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an feadh do bhí sé ag rádh ná mhríatharsa, féuch, táinic Iúdas, duine don dá fhear dhég, agus cuideachda mhór na fhochair maille lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, agus ó shinnsearuibh an phobail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ni raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór leis ó na hardsagairt agus ó sheanóirí an phobail agus claimhte agus bataí acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.