Matthew 26:51 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, síneadh a láimhe dfior don mhuinntir do bhí a bhfochair Iósa, do tharraing sé a chloidheamh a mach, agus ar mbúaladh searbhfhoghantuighe a nárdshagairt, do bhen sé a chlúas de.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, duine dhíobh‐san do bhí i bhfochair Íosa, do shín sé amach a lámh, agus do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé a leath‐chluas de.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.