Matthew 26:55 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Iósa ris an tslúagh a núairsin, Tangabhair a mach amhuil chum biothumhnaigh le cloidhmhe agus lé batuidhe dom ghlacadhsa? do bhínn am shuidhe gach áon lá eadruibh sa teampoll ag teagasg, agus ní rugabhair oram.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa an uair sin leis an sluagh, An le claidhmhtibh agus le bataibh thángabhar amach chum beirthe orm mar bhéadh bitheamhnach ann? Do bhíos im’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasc, agus ní rugabhar orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: «An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.”