Matthew 26:58 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, go palais a nardshagairt, agus ar ndul a sdeach dhó, do shuidh sé a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, do chum go bhfaicfeadh sé an deireadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do bhí Peadar g‐á leanmhain i bhfad siar, go h‐árus an árd‐shagairt, agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé i bhfochair na maor go bhfeicfeadh sé an críochnú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d' fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí Peadar dá leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach dʼfhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.