Matthew 26:64 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deir Iosa ris, A dubhairt tusa é: achd cheana a deirimsi ribh, Na dhiaigh so do chifidhe Mac an duine na shuidhe ar deas láimh chumhachd Dé, agus ag teachd a néullibh neimhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leis: «Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”