Matthew 26:73 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tamall na dhíaigh sin tangadar an dream do bhí na seasamh a láthair, agus a dubhradar ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd féin thusa; óir a tá do chamnt féin dod bhrath.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar éis scathaimh bhig tháinig siad‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, agus adubhradar le Peadar, Go dearbhtha is duine dhíobh súd thusa; óir scéitheann blas do chainnte ort.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tamall gairid ina dhiadh sin tháinig na fir a bhí ina seasamh thart chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Scéal cinnte go bhfuil tusa ar dhuine acu, mar tá sin le léamh ar bhlas do chainte.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: «Go dearfa, is duine díobh sin tusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin thusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.”