Matthew 26:74 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do thionnsgain sé bheith ag mallughadh agus ag mionnughadh, Ní haithne dhamh an duine. Agus ar an mball do ghláoidh an coileach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do thosnuigh seisean ar eascainighe agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreach do ghlaodh an coileach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: «Níl aithne agam ar an duine.» Agus ghlaoigh an coileach láithreach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.