Matthew 26:75 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ann sin do chuimhnigh Peadar ar bhríathruibh Iósa, a dubhairt ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí húáire. Agus ar ndul a mach dhó, do ghuil sé go géur.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuimhnigh Peadar ansin ar an gcaint a dúirt Íosa, “Sula nglaonn an coileach, séanfaidh tú faoi thrí mé.” Agus chuaigh sé amach agus chaoin sé go géar goirt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa «Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí. Agus chuagh amach agus ghoil sé go goirt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa “Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuaigh amach agus ghoil sé go goirt.