Matthew 27:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar suidhe dhósan an a ccaithír bhreitheamhnuis, do chuir a bhean teachduireachd chuige, ag rádh, Ná biodh búain agad ris an bhfiréun úd: óir is mór do fhuiling misi a níugh a mbrionglóid ar a shon.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Lena chois sin, bhí sé i ndiaidh scéal a fháil óna bhanchéile agus é ina shuí ar chathaoir an bhreithiúnais, “Fear fíréanta é siúd, ná cuir chuige ná uaidh, mar bhí crá mór orm faoi inniu i mbrionglóid a bhain leis.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: «Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m' fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach le linn dó a bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í mʼfhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”