Matthew 27:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra don úachdarán a dubhairt sé ríu, Cía don días úd is mían libh do leígean chugaibh dhamh? Achd a dubhradarsan, Barabbás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhreagair an riaghaltóir agus adubhairt sé leo, Cia aca de’n bheirt is áil libh go scaoilfinn chugaibh? Agus adubhradar, Barabbas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhiafraigh an t‑uachtarán díobh an dara huair, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh?” “Barabas,” ar siadsan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Labhair an gobharnóir leo: «Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?» «Barabas!» ar siad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Labhair an gobharnóir leo: “Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?” “Barabas!” ar siad.