Matthew 27:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfaicsin do Phióláid nach raibh tarbha dhó an én ní, achd gur mó an bhuáirt tháinic dhe, ar ngabháil uisge chuige, do ionnail sé a lámha a bhfíadhnuisi an phobail, ag rádh, A táimsi neimhchiontach ó fhuil an fhiréanuigh so: féuchuidhsi dhibh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic Píoláid nach raibh aon mhaith dhó ann, acht go raibh gleo ag éirghe, do ghlac sé uisce chuige, agus do nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an tsluaigh, g‐á rádh, Ní fhuilim‐se cionntach i bhfuil an fhíréin seo: féachaidh‐se chuige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic Píoláid nach raibh ag éirí leis aon ní a dhéanamh ach iaróg a chur ina suí, ghlac sé uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá, “Tá mise neamhchiontach i bhfuil an fhir seo; freagraígí sibhse aisti.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: «Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic Píoláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibh-se chuige.”