Matthew 27:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhígheadar coroíu spine, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat ghiolcuigh an a láimh dheis: agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhiadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Dia do bheatha, a rí na Niudaigheadh!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do shníomhadar coróin spíne agus do chuireadar ar a cheann í, agus do chuireadar giolcach ’n‐a láimh dheis; agus do shléachtadar ar a nglúnaibh dhó, ag tabhairt masla dhó, g‐á rádh, Go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dʼfhigh siad coróin spíonta agus chuir ar a cheann í, agus chuir siad giolcach ina dheasláimh. Agus chuaigh siad ar a ngluine roimhe ag magadh faoi, agus a rá leis, “Fáilte romhat, a Rí na nGiúdach!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: «Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus rinne í a bhualadh ar a cheann agus chuir giolcach ina lámh dheas, agus tháinig ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi agus ag rá: “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!”