Matthew 27:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin mar do chonnairc Iúdas, do bhraith é, gur damnuigheadh é, do ghabh aithreachas e, agus do aisig sé na deich bpiósa fhithchead airgid do na hárdsasgartuibh agus do na sinnsearuibh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin, ar n‐a fheicsin do Iúdás, an té do bhraith é, go raibh sé daortha, do ghabh aithreachas é, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid ar ais d’uachtaránaibh na sagart agus do na seanóiribh, g‐á rádh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn dʼairgead ar ais chuig na hardsagairt,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d' airgead geal ar ais d' uachtaráin na sagart agus do na seanóirí,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa dʼairgead geal ar ais dʼuachtaráin na sagart agus do na seanóirí,