Matthew 27:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag dul amach dhóibh fuaradar duine ó Churéné darbh ainm Síomón: do chuireadar d’fhiachaibh airsean dul i n‐éinfheacht leo, agus an chroch d’iomchar dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Casadh dóibh ar a siúl amach fear as Círéne arbh ainm dó Síomón; agus chuir siad feidhm ar an duine sin a chrois a iompar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d' fhiacha air seo a chros a iompar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sa tslí amach dóibh, casadh fear Círéineach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad dʼfhiacha air seo a chros a iompar.