Matthew 27:40 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag radh, Thusa lagus an teampoll, agus chuirios súas a dtri lá é, fóir ort féin. Mas tú Mac Dé tárr a núas as an gcroich.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus g‐á rádh, Thusa leagas teampall Dé agus thógas é i gceann trí lá, saor thú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroich.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus á rá, “A ghiolla úd a mbíodh rún agat an teampall a leagan agus a atógáil in achar trí lá, tarrthaigh thú féin! Más Mac Dé tú, tar anuas den chrois úd.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus ag rá: «Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus ag rá: “Tusa a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”