Matthew 27:48 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rith fear dhiobh ar an mball, agus ar nglacadh spuinc, agus ar na lionadh do bhinéigre, agus ar na chur a dtímcheall shlaite ghiolcaigh, tug sé deoch dhó ré nól.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an láthair do rith duine aca, agus ag glacadh spuinnc dó, do líon sé de bhínéagra é, agus chuir sé ar bhárr giolcaigh é, agus thug sé le n’ól dó é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó.