Matthew 27:55 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhadar ann sin móran ban ag féachain air a bhfad úadh, no lean Iósa ón Ghalile, ag déanamh seirbhise dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhradar, Go fírinneach do b’é Mac Dé é sin. Agus do bhí ann mórán ban i bhfad uaidh ag féachain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag friotháileamh air:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun bheith ag freastal air:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun a bheith ag freastal air: